Songtexte.com Drucklogo

Casadh an tSúgáin Songtext
von The Bothy Band

Casadh an tSúgáin Songtext

Agus rinne mise cleas
Ag Tigh Mhic Ui Dhomhnaill aréir
Is an tarna cleas ag teach
An Ósta lrna thaobh
An triù cleas ní bfhearr domh
A chur le mo scéal
Is gur mhinicí domh bheith ag caitheamh
An dúthracht mhaith léi

A Rí na bhfeart cad do chas
Ins a′ dúiche seo mé?
'S gur mó cailìn deas a gheobhainn
Im′ dhùthaigín beag féin
Gur casadh mé isteach mar a raibh searc
Agus rùn geal mo chléibh
Is chuir an tseanbhean amach mé
Ag casadh an tsúgáinín féir


Má bhíonn tú liom, bí liom
A stóirín mo chroi
Ma bhíonn tú liom, bí liom
Os comhair an tsaoil
Ma bhíonn tú liom, bí liom
Gach orlach de do chroi
Is é mo liom go fann nach liom
Dé Domhnaigh thú mar mhnaoí

Tá mo cheannsa liath le bliain
Is ní le críonnacht é
Ní bheathhaíonn na briathra
Na bráithre pé sa domhan scéal é
Is táim i do dhiaidh le bliain
Is gan fáil agam ort féin
Is gur geall le fia mé ar sliabh
Go mbeadh gáir chon ina dhéidh

Má bhíonn tú liom, bí liom
A stóirín mo chroi
Ma bhíonn tú liom, bí liom
Os comhair an tsaoil
Ma bhíonn tú liom, bí liom
Gach orlach de do chroi
Is é mo liom go fann nach liom
Dé Domhnaigh thú mar mhnaoí


Do threabfainn, d'fhuirsinn
Chuirfinn síol ins a' chré
′S do dhéanfainn obair shocair
Álainn, mhín, réidh
Do chuirfinn crú fén each
Is mire shiúil riamh ar féar
Is ná héalaodh bean le fear
Ná déanfadh san féin

Má bhíonn tú liom, bí liom
A stóirín mo chroi
Ma bhíonn tú liom, bí liom
Os comhair an tsaoil
Ma bhíonn tú liom, bí liom
Gach orlach de do chroi
Is é mo liom go fann nach liom
Dé Domhnaigh thú mar mhnaoí

Songtext kommentieren

Log dich ein um einen Eintrag zu schreiben.
Schreibe den ersten Kommentar!

Beliebte Songtexte
von The Bothy Band

Quiz
Whitney Houston sang „I Will Always Love ...“?

Fans

»Casadh an tSúgáin« gefällt bisher niemandem.