Songtexte.com Drucklogo

Brid Og Ni Mhaille Songtext
von The Corrs

Brid Og Ni Mhaille Songtext

Is a Bhríd Óg Ní Mháille
′S tú d'fhág mo chroí cráite
′S chuir tú arraingeacha
An bháis trí cheartlár mo chroí
Tá na mílte fear i ngrá
Le d'éadan ciúin náireach
Is go dtug tú barr breáchtacht'
Ar Thír Oirghiall más fíor

Níl ní ar bith is áille
Ná′n ghealach os cionn a′ tsáile
Ná bláth bán na n-airne
Bíos ag fás ar an droigheann
Ó siúd mar bíos mo ghrá-sa
Níos trilsí le breáchtacht
Béilín meala na háilleachta'
Nach ndearna riamh claon


Is buachaill deas óg mé
′Tá triall chun mo phósta
'S ní buan i bhfad beo mé
Mura bhfaighidh mé mo mhian
A chuisle is a stóirín
Déan réidh agus bí romhamsa
Cionn deireanach den Domhnach
Ar Bhóithrín Dhroim Sliabh

Is tuirseach ′s brónach
A chaithimse an Domhnach
Mo hata I' mo dhorn
′S mé ag osnaíl go trom
'S mé ag amharc ar na bóithre
'Mbíonn mo ghrá-sa ag gabhail ann
′S í ag fear eile pósta
Is gan í bheith liom
′S í ag fear eile pósta
Is gan í bheith liom

Songtext kommentieren

Log dich ein um einen Eintrag zu schreiben.
Schreibe den ersten Kommentar!

Quiz
Whitney Houston sang „I Will Always Love ...“?

Fans

»Brid Og Ni Mhaille« gefällt bisher niemandem.