Songtexte.com Drucklogo

Na Buachailli Alainn Songtext
von Órla Fallon

Na Buachailli Alainn Songtext

Mo bheannacht le na buachaillí
A dimigh uain thar sáile
Dfág siad culaith dheas orm
Le dhul amach De Domhnaigh
Cóta mór go talamh
Agus bheiste den tsíoda láidir
Bríste bhí san fhaisean
Agus bróga de′n leathar Spainneach

Oró na buachaillí
Na buachaillí bhí álainn
Oró na buachaillí
Na buachaillí bhí álainn


Nuair a tchímsa an fharraige garbh
Ó sé mo chroí bíos cráite
Ag smaoineadh ar na buachaillí
Mar bhíonn siad ins na bádaí
Guím-sa Rí na nAingeal
Sé shorcúios na pláinéid
Go dtuga sé slán na buachaillí
Ar chontúirt a bheith báite

Oró na buachaillí
Na buachaillí bhí álainn
Oró na buachaillí
Na buachaillí bhí álainn

Fuair mé litir as Albain
'S ní raibh mé in mo shásamh
Gur pósadh na buachaillí
Ar chailíní na h-áite
Ní nár mhaith linn acu iad
Dá mbeadh siad inar sásamh
Cailíní na n-oiléan
′S iad an dream a bhfearr linn

Oró na buachaillí
Na buachaillí bhí álainn
Oró na buachaillí
Na buachaillí bhí álainn


Oró na buachaillí
Na buachaillí bhí álainn
Oró na buachaillí
Na buachaillí bhí álainn

Songtext kommentieren

Log dich ein um einen Eintrag zu schreiben.
Schreibe den ersten Kommentar!

Quiz
Wer ist auf der Suche nach seinem Vater?

Fans

»Na Buachailli Alainn« gefällt bisher niemandem.