Songtexte.com Drucklogo

Is Fada Liom Uaim Í Songtext
von Maighréad Ní Dhomhnaill

Is Fada Liom Uaim Í Songtext

Is fada liom uaim í ar uaigneas gach baile a mbíonn sí
Is le gach ógánach suairc a ghluaisfeadh in aice na dí
Dá dtigtheása anuas ar chuairt fá bharra na gcraobh
Le goirm na gcuach go ngluaisfinn leatsa mar mhnaoi


A Mhalaidh, a chéadsearc, ná tréig thusa mise go brách
Is go bhfuil in do dhiaidh gach aon lá fá mhallaigh na n-ard
Is tú cruithneacht ar mhnáibh Éireann, is tú b′fhéile dar ghlac ariamh lámh
Is dar mionna mo bhéil, ní bréag a bhfuil mé is tú a rá

Is a Mhalaidh mo ró-ghrá atá an t-órfholt snoite glan réidh
Cum cailce atá ró-dheas a chuirfeadh bród ar fhearaibh an tsaoil
Béilin meala mar na rósaí, súil mhódhmhar ghorm gan chlaon
Is i gcoillídh ag buain chnónna, sé mo bhrón gan Malaidh agus mé

Songtext kommentieren

Log dich ein um einen Eintrag zu schreiben.
Schreibe den ersten Kommentar!

Quiz
Wer ist gemeint mit „The King of Pop“?

Fans

»Is Fada Liom Uaim Í« gefällt bisher niemandem.