Songtexte.com Drucklogo

Ar Bhruach na Laoi Songtext
von Liam O’Flynn

Ar Bhruach na Laoi Songtext

Nach brónach a bhí mise nuair a d′fhága mé an baile
Agus dúirt mé slán leatsa a dhíl Éirinn mo ghrá
Gidh gur fhéach mé bheith súgrach, á, ba deorach mo shúile
'S mé a′ scaradh óna chéile úd nach bhfeicfead go brách


Ag scaradh go brách, brách le cnoic agus gleannta
Agus cathair dheas Chorcaí nach bhfeicfead arís
Ag scaradh go deo, deo leis na cairde ba dhílse
Ó dhil-chairde m'óige ar bhruacha na Laoi

Nach minic a d'éiríodh grian lonrach na spéire
Nach minic a bhuail sí faoi uiscí na dtonn
Ó d′fhága mise an lá siúd mo mháithrín dhil Éireann
Agus chuaigh mé thar sáile chun na tíre seo anonn

Ach fós in mo chroí istigh tá cuimhne ar lasadh
Ar maidin, iarnóin ′s le titim na hoíche
'S i m′aisling arís bím i gcónaí mo sheasamh
Ar charraig fhíor m'óige ar bhruacha na Laoi

Songtext kommentieren

Log dich ein um einen Eintrag zu schreiben.
Schreibe den ersten Kommentar!

Beliebte Songtexte
von Liam O’Flynn

Quiz
Wer singt das Lied „Applause“?

Fans

»Ar Bhruach na Laoi« gefällt bisher niemandem.