Songtexte.com Drucklogo

Amhrán an Phúca (Song of the Pooka) Songtext
von Lasairfhíona

Amhrán an Phúca (Song of the Pooka) Songtext

Ó, éireoidh mé ar maidin In ainm an Domhnaigh
Is rachaidh mé mo chónaí Ar chnocánín bán
Ó déanfaidh mé teach ann Ar leataoibh an bhóthair
I bhfogas don chóngar Abhus agus thall

San áit a mbheidh agam Cead bealaigh is bóthair
Caidreamh lucht eolais, Fear loing agus báid
Beidh scoil ag lucht ealaíon ′S ag ógánaigh óga
Ar lorg an eolais Ag teacht ar mo shráid

'Sé iomrá na gcailleach Sna seandaoine críonna
D′fhág mearbhall ar m'intinn Is néal i mo cheann
A rá go raibh an Púca ann Ó aimsir na Díleann
Go bhfaca na daoine é, Ach níl fhios cén t-am


Níorbh é sin a b'ait liomsa Ag teacht go ráithe an Gheimhridh
Iad a bheith ag déanamh íospart Istigh ar mo shráid
Go mbíonn sé ina chat Is na mhada san oíche
Is nár thúsice ina Phúca é Ná ina sheanghearán bán

Dhá bhfaighfainnse capall Chomh maith leis an bPúca
Bheadh m′anamsa lúfar Ag imeacht is a teacht
Dhá mba thíos i gCeann Gaineamh A thógfadh sé a ualach
Ó bheadh sé i gceann leathuair Ag binn Éamainn Uí Bhriain

Cuirfidh mé sconsa Le hiomaire an Líonáin
Ní ligfidh mé aníos é Le fána an Toirc Mhóir
Dhá n-ionsódh sé Caiseal Trí cheartlár na Maoine
Anonn go tír caorach Nó anonn don tír ghlas

Ní ligfidh mé tharam Ar thalamh ná ar thoinn é
′S beidh aireachachas cruinn Agam roimhe sa ród
Dhá gcastaí le Jeaic é, Fear maith atá sa tír seo
Bhainfeadh sé píosa Dhá leiceann is dhá shrón

Songtext kommentieren

Log dich ein um einen Eintrag zu schreiben.
Schreibe den ersten Kommentar!

Beliebte Songtexte
von Lasairfhíona

Fans

»Amhrán an Phúca (Song of the Pooka)« gefällt bisher niemandem.