Songtexte.com Drucklogo

Spéir Rua Songtext
von Síomha

Spéir Rua Songtext

Tógfaidh me sos
Ag sú éirí na gréine
Ag machnamh go mion
Is an ré faoi cheilt na néalta
Braithim an talamh faoi mo bhoinn
′S mé ag seasamh is ag siúl chugat
Táim gan buairthí ar mo chroí
Mar mian mo chroí go deo is ea thú

An dtitfeása liom
Isteach i spéir rua an Iúil
Súfaidh sé isteach
Inár n-aigne go mór
Fearsaid solais scáite sliú
Le chéile titfimid isteach i spéir rua


Canfad duit go bláthach
Le fáinne geal an lae
Ar teitheadh Aurora
Breacann sí an aer
Is caithfimid an lá
I lainne agus lúchair
Is beirim liom mo ghrá
Le néalta inár iompair

An dtitfeása liom
Isteach i spéir rua an Iúil
Súfaidh sé isteach
Inár n-aigne go mór
Fearsaid solais scáite sliú
Le chéile titfimid isteach i spéir rua

Ar eitilt le mo bhé
Is cuireann tú
Iontas i mo chroí
Titfimid le chéile le teann ríméid
Is abair liomsa é
Spéir rua an Iúil

An dtitfeása liom
Isteach i spéir rua an Iúil
Súfaidh sé isteach
Inár n-aigne go mór
Fearsaid solais scáite sliú
Le chéile titfimid isteach i spéir rua


An dtitfeása liom
Isteach i spéir rua an Iúil
Súfaidh sé isteach
Inár n-aigne go mór
Fearsaid solais scáite sliú
Le chéile titfimid isteach i spéir rua

Songtext kommentieren

Log dich ein um einen Eintrag zu schreiben.
Schreibe den ersten Kommentar!

Fans

»Spéir Rua« gefällt bisher niemandem.