Songtexte.com Drucklogo

Carraig Aonair Songtext
von Pebbledash

Carraig Aonair Songtext

Ó Luan dubh an áir tháinig suaimhneas ró-bhreá
Is do ghluaiseathair uaimse leath-uairín roimh lá
Ag iascaireacht i mbád, i gcontúirt bhur mbá
′S go mbeidh iarsma na bliana úd bhur ndiaidh go bhfaghad bás
'Sé Dónal mo mhaoin an té ab óige dem chlainn
Agus coicís ón lá san a tháinig sé i dtír
Gan tapa gan bhrí, gan anam ′na chroí
Ach a ghéaga boga geala is iad leata ar a dtoinn
'Sé Cormac mo stór, 'sé rí na bhfear n-óg
A bhí mómhuil maiseach múinte géarchumtha go leor
Do scríobh sé ar a′ gcóir leis an mbúcla ′ bhí ina bhróig
Gurb í Carraig Aonair a chéile go deo
Nuair a théimse ar an gclaí, is go bhfeicim uaim síos
Nuair a chím Carraig Aonair ó pléascann mo chroí
Is ar ais liom arís go mullach mo thí
Ós gurb í Carraig Aonair is céilí dom chloí

Songtext kommentieren

Log dich ein um einen Eintrag zu schreiben.
Schreibe den ersten Kommentar!

Quiz
Wer ist auf der Suche nach seinem Vater?

Fans

»Carraig Aonair« gefällt bisher niemandem.